Rannta Matamaitice Gaeilge – Irish Math Rhymes

 

 Rannta Matamaitice

 

PUISÍN

 

A haon, a dó, a trí,

Tá puisín ina luí,

Bígí ciúin, bigí ciúin,

Ná diusigí í!

 

 

 

CAITÍN

 

1…2….

1…2….3….

Caitín beag ina shuí

 

1…2…

1…2…3…

Caitín beag 

ag déanamh spraoi

 

 

1…2 CAPALL IS BÓ

 

1…2… capall is bó

3…4….bróga leathair,

5…6….Cupán tae,

7…8….seanbhean bhocht

9…10…císte te.

 

 

 

 

 

FROG AGUS GÉ

 

A hon, a dó,

A haon, a dó a trí, 

frog mór ramhar ina shuí.

A ceathair, a cúig,

A ceathair, a cúig, a sé,

hata beag bídeach ar an ngé.

 

 

 

CEITHRE RÓN 

 

4 rón thuas ar an gcloch,

thuas ar an gcloch,

thuas ar an gcloch,

4 rón thuas ar an gcloch – 

Léim ceann amháin isteach sa loch!

 

3 rón…..2 rón…..rón amháin….

 

Níl rón ar bith thuas ar an gcloch,

thuas ar an gcloch,

thuas ar an gcloch,

Níl rón ar bith thuas ar an gcloch,

Tá siad go léir istigh sa loch. 

 

 

 

LUICHÍN

 

1,2,1,2,3,

Luichíní istigh sa tuí!

1,2,1,2,3,

Luichíní istigh sa tuí

 

4,5,4,5,6,

Tháinig gandal is cúpla gé!

4,5,4,5,6,

Tháinig gandal is cúpla gé!    

 

7,8,7,8,9,

Thosaigh siad ag déanamh spraoi!

7,8,7,8,9,

Thosaigh siad ag déanamh spraoi!

 

 

 

CÚIG UBH

 

5 ubh istigh sa nead,

Cearc ar gor:glug, glug, glag-

Scoilt bhlaosc, scolit sí arís,

Tháinig sicín amach: tsíp, tsíp!

 

4 ubh istigh sa nead,

Cearc ar gor:glug, glug, glag-

Scoilt bhlaosc, scolit sí arís,

Tháinig sicín amach: tsíp, tsíp!

 

 

3,2,1………

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CÚIGEAR FEAR

 

Cúigear fear ag tógáil tí

ag tógáil tí, ag tógáil tí,

Cúigear fear ag tógáil tí –

Shuigh fear síos is lig se scíth!

 

Ceathrar, triúr, beirt, fear amháin…….

 

 

TRÍ ÚLL AIBÍ

 

3 úll aibí ar an gcrann

3 úll aibí ar an gcrann,

Piocfaidh mé ceann, 

Ceann amháin,

Is tá 2 úll aibí ar an gcrann.

 

2 úll aibí……..

 

úll amháin aibí ar an gcrann……

Piocfaidh mé é

Is íosfaidh mé é,

Is níl úll ar bith fágtha

Ar an gcrann.

Advertisements